CÚPLA FOCAL AS GAEILGE



 

Tá Cumann Lúthchleas Gael Chill Uird an-bhrodúil as an nGaeilge agus déanaimid gach iarracht ár dteanga a chur chun cinn… 


I mbliana táimid ar thóir an bhonn airgid don Ghaeilge agus le cúnamh Dé beidh lá ag an gclub i bPáirc an Chrócaigh!


Cé go bhfuil daonra beag sa cheantar, tá os cionn 400 ball ag an gclub agus is iomaí gaisce atá déanta acu ar an bpáirc imeartha thar na blianta. Labhair mé le hOifigeach Gaeilge an chlub, Joe Ó hEachteirn, le gairid le tuilleadh a fhoghlaim faoi CLG Chill Uird.

Thosaigh mé le hiarraidh ar Joe cúlra an chlub a thabhairt dom.

''Bhí 417 ball againn i 2021 idir daoine fasta agus club na n-óg,'' a deir Joe. ''Tá sé sin méadaithe le seasca ball ó 2020 agus le linn Covid is rud iontach é seo agus is dul chun cinn iontach é.

''Tá an-chuid daoine iontacha ag obair sa chlub chun gach gné den chlub a fheidhmiú chomh maith agus is féidir ó thaobh riaracháin de, cóitseála, ag teagasc, ag imirt, ag tabhairt aire don chumann agus talamh an Chumainn, ag ní geansaithe agus araile.

''Tá an-chuid daoine iontacha againn agus tá sé seo go léir mar chuid de Chumann Lúthchleas Gael. Tá an club mar chuid de ‘fabric’ na háite, agus go háirithe i gCill Uird, atá lonnaithe in Oirthear Pháirc Uí Mhórdha, díreach caitheamh cloiche ó lár an tsráidbhaile. Tá ár gclub mar chuid lárnach den phobal.''

Tá muintir Chill Uird sáite agus báite sa chlub agus déanann an club freastal ar an gceantar ar fad. Labhraíonn Joe faoin gcaoi a gcruthaíonn an club spiorad agus cairdeas i measc lucht an cheantair agus faoin gcaoi a maireann an nasc leis an gclub ó ghlún go glún.

''I ráiteas misin Chumann Lúthchleas Gael deirtear go bhfuil an Cumann pobalbhunaithe agus tá sé mar eagraíocht dheonach a chuireann chun cinn cluichí Gaelacha, cultúr agus rannpháirtíocht saoil,'' a mhíníonn Joe.

''Tá Cill Uird ag croílár an phobail seo agus tá an-chuid daoine páirteach sa chlub i ngach gné. Sampla de seo ná nuair atá ag éirí go maith le foirne sa gclub. Is féidir é a bhrath go mór tríd an sráidbhaile agus bíonn an áit beo.

''Cruthaíonn an club seo cairdeas fadsaoil agus tá traidisiún láidir de réanna clainne ag imirt ár gcluichí náisiúnta anseo i gCill Uird ó bunaíodh an club.

''Ta baill de Chumann na nÓg againn chomh hóg le sé bliana d’aois agus tá baill againn atá déanach sna hochtóidí. Ina measc tá iarimreoirí agus oifigigh atá fós an-ghníomhach leis an gclub. Táimid tiomanta i dtreo fhorbairt agus dhul chun cinn na gcluichí Gaelacha agus an chultúir. Cuirimid fáilte roimh gach aoinne páirt a ghlacadh i ngach gné den chlub.

''Cuireann muid caighdeán ard cóitseála ar fáil i dtimpeallacht atá slán sábháilte agus le háiseanna atá ar ardchaighdeán chomh maith.''

Dar ndóigh, is iomaí gaisce a rinne lucht an chlub ar an bpáirc imeartha thar na blianta agus labhair Joe liom faoi chuid de na gaiscí sin le bród agus le paisean.

''Bhuaigh Cill Uird an chraobh idirmheánach iománaíochta i 2012 agus i 2006 bhuadar Craobh Shóisir Iománaíochta na Mumhan. Bhuadar Craobh Shóisir an chontae i 1967 agus i 2006.

''Tá Craobh Thuaisceart Chorcaí buaite acu i 2021 sa pheil Ghaelach. Tá Craobh Thuaisceart Chorcaí fé 21, Rannóg A, buaite acu i 1996 agus cé go bhfuilimid sa gCraobh Idirmheánach ó 2007, tá Cill Uird ag barr an liosta nuair a thagann sé chuig onóracha i Rannóg Abhainn Dhubh. Tá aon chorn déag buaite ag Cill Uird i Rannóg Shóisir A.''


Joe Ó hEachteirn ag glacadh páirte i Scór ar son a chlub CLG Chill Uird
Joe Ó hEachteirn ag glacadh páirte i Scór ar son a chlub CLG Chill Uird


Toisc gur club beag tuaithe é Cill Uird bíonn deis ag imreoirí de chuid an chlub imirt le CLG Abhainn Dhubh – foireann rannóige don mhórcheantar uilig atá déanta suas d’imreoirí ó chlubanna éagsúla. Is iomaí imreoir de chuid Chill Uird a d’imir ar fhoirne buacacha CLG Abhainn Dhubh thar na blianta.

''Tá imreoirí Chill Uird mar chuid d’fhoireann Abhainn Dhubh chomh maith, foireann rannóige, agus bhuaigh siad Craobh Shinsir Iománaíochta an Chontae i 1966,'' a deir Joe. ''Ar an bhfoireann sin bhí John Carey, Johnny Hogan, Gerry Keating, Fred Sheedy, agus bhí Danny Fenton agus Seánie Long mar fhir ionaid.

''30 bliain níos déanaí i 1996 bhí Aidan Kenny, imreoir de chuid Chill Uird, mar chaptaen ar Abhainn Dhubh nuair a bhuadar a dtríú Craobh Shinsir Chontae. Bhí Will O’Donoghue, Will Twomey, Mikey Dunne mar pháirt den phainéal sin agus bhí Fred Sheedy, a bhí mar lárthosaí i 1966 le hAbhainn Dhubh, bhí seisean mar roghnóir ar an bhfoireann chéanna.

''Ina dhiaidh sin, i ndiaidh Chraobh an Chontae i 1996 roghnaíodh Fred Sheedy le bheith mar bhall d’fhoireann bainistíochta Chorcaí. Bhí sé mar roghnóir ar an bhfoireann a bhuaigh trí Chraobh uile-Éireann le Jimmy Barry Murphy, 1999, Dónal O’Grady i 2004 agus John Allen i 2005.

''Pat Coughlan RIP, Bill Magnier RIP agus Patsy O’Mahony, tá siad go léir mar bhaill chlub iontacha de chuid Chill Uird agus tá siad go léir sa Hall of Fame le CLG Abhainn Dhubh.''

Ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhíonn CLG Chill Uird gafa. Glacann an club páirt ghníomhach i gcomórtais Scór agus is iomaí gaisce atá déanta ag Joe féin ag Scór thar na blianta.

''Tá Craobh na Mumhan bainte amach agam ag Scór Sinsir,'' a deir Joe, ''agus tháinig mé sa dara háit i gCraobh Uile-Éireann sa gcomórtas aithriseoireachta. Tá go leor comórtas buaite againn ag Craobhacha Scór Sinsir. Bhuaigh Cill Uird Craobh an Chontae i 2018 chomh maith sa Léiriú Stáitse agus thángadar sa dara háit i gCraobh na Mumhan. Tá dul chun cinn iontach ar siúl i Scór i gCill Uird agus tá forbairt á déanamh air sin an t-am ar fad.''

Maidir le haiseanna an chlub is léir go bhfuil Joe agus lucht an chlub an-bhródúil as na háiseanna atá acu.

''Tá an club mar chomhúinéir ar an spórtlann atá in aice leis na páirceanna imeartha atá i gcroílár an tsráidbhaile,'' a mhíníonn Joe. ''Tá halla liathróid láimhe, liathróid raicéid agus scuaise againne i gCill Uird agus tá giomnáisiam againn chomh maith.

Tá liathróid láimhe an-láidir sa chlub, freisin.

''Bhuaigh John Horgan Craobh Uile-Éireann an chontae sa liathróid láimhe chomh maith,'' a mhíníonn Joe. ''Dion Cahil, is dócha tá Craobh Uile-Éireann bainte amach aige. Niall Crotter, Craobh Uile-Éireann bainte amach aige faoi 17. Muireann O’Brien, Craobh Dhúbailte Uile-Éireann bainte amach aici i 2019 is dóigh liom agus John Keirsey, Craobh Uile-Éireann bainte amach aige chomh maith sna máistrí.

''Tá an iliomad daoine iontacha gafa leis an gclub ó thaobh an liathróid láimhe agus tá an club liathróid láimhe ag déanamh iarrachta anois dul chun cinn a dhéanamh sna blianta atá amach romhainn chun suim a spreagadh san aos óg arís i measc na mbuachaillí agus na gcailíní óga. Mar sin, táimid an-ghníomhach anseo i gCill Uird ó thaobh an liathróid láimhe de.''


Ruby Coffey ó Chill Uird ag imirt lena scoil Scoil Mháirtín i bPáirc an Chrócaigh thiar i 2017
Ruby Coffey ó Chill Uird ag imirt lena scoil Scoil Mháirtín i bPáirc an Chrócaigh thiar i 2017


Ní hiad cluichí na bhfear amháin atá faoi bhláth sa chlub, dar ndóigh. Le blianta beaga anuas cuireadh tús le foirne camógaíochta agus peile na mban.

''I 2015 bunaíodh an club camógaíochta,'' a deir Joe, ''agus tá CLG ag obair leis an gclub camógaíochta agus tá caidreamh iontach eatarthu. Tá sé ag cur le hatmaisféar agus ag cur le gníomhaíocht sa bpobal. Tá foirne acu ó faoi 6 suas go dtí daoine fásta.

''I mbliana bunaíodh Cumann Peile Gaelaí na mBan agus tá foireann shóisir acu. Tá club óige ag tosú i mbliana chomh maith. Is féidir a rá go bhful an club seo ag fás an oiread sin agus tá an méid sin ar siúl sa sráidbhaile beag seo, Cill Uird. Tá gach duine lárnach ann.''

Club é CLG Chill Uird atá an-oscailte do chách agus a bhfuil mana CLG ‘Tá Áit Dúinn Uilig Ann’ go smior ann. Mar a mhíníonn Joe:

''Rud atá tábhachtach chomh maith ná go raibh Peig Sheedy, bean chéile le Fred Sheedy mar chathaoirleach i 1992. Tá sé le deimhniú arbh í an chéad chathaoirleach baineann ar chlub riamh ach i 1992 bhí sí mar chathaoirleach ar ár gclub.

''I mbliana, ón Iorua, tá John nó Seán Heggtveit mar chathaoirleach an chlub agus is rud stairiúil é seo agus cuireann sé le héiteas agus le ráiteas misin an chlub go bhfuilimid go léir ag obair le chéile don phobal. Táimid deonach ach táimid ag iarraidh a bheith oscailte do chách chun cluichí cultúir agus spiorad CLG agus na tíre a chur chun cinn.''

Bunaithe: 1928

Dathanna: Dearg agus Bán

Líon Ball: 417

Na rudaí is mó atá bainte amach ag an gCumann ar an bpáirc imeartha:

Curaidh Shóisearacha Iomána na Mumhan: 2006

Curaidh Idirmheánacha Iomána Chorcaí: 2012

Curaidh Shóisearacha Iomána Chorcaí: 1967, 2006

Laochra móra an chlub a d’imir le Corcaigh: Johnny Hogan, Dave O’Riordan, Gerry Keating, Fred Sheedy (RIP), Ciarán Casey, Seánie Long, Pat Shanahan, William Hegarty, Johnny Sheehan, Will Twomey, Will O’Donoghue, Damien McNamara, Adrian Mannix, Eoin Carey, Noel McNamara, Kieran Lane, Jeremy Saich agus Elton Pierce.

Tada gan iarracht. Do chlub, Do chontae, Do Ghaeilge!


Back to top